Home / Series / Cúltír / Aired Order /

All Seasons

Season 1

  • S01E01 Corcaigh

    • August 14, 2022

    Tar in éineacht leis an amhránaí cáiliúil Pauline Scanlon agus an sár-fhidléir Aoife Ni Bhriain don chár Cúltír: rachaidh siad ó chontae go contae ag déanamh ceiliúradh ar amhráin agus ar cheol traidisiúnta na tíre. Is i gCorcaigh a chuirfear tús leis an gclár leis an gcumadóir iomráiteach John Spillane, na Céilí All-Stars agus plúr na gceoltóirí as Corcaigh ag ceol agus ag gabháil fhoinn i dteach tábhairne Tot i mBaile an Ghoirtín. Caithfidh Aoife súil ar chuid de ghnéithe cultúir eile an chontae idir babhláil bhóthair, áilleacht Bhaile Bhuirne agus beatha an chontae.

  • S01E02 Cill Chainnigh

    • August 21, 2022

    Cuireann an t-amhránaí Pauline Scanlon agus an veidhleadóir Aoife Ní Bhriain geansaithe na gCat orthu féin an tseachtain seo chun ceiliúradh a dhéanamh ar cheol agus ar amhráin thraidisiúnta Chill Chainnigh. Beidh ceoltóirí mór le rá as an áit in éineacht leo ina measc, an t-amhránaí cáiliúil Mick Hanley, an grúpa barócach Camerata, Mick McAuley, Paddy Cleere chomh maith le Burnchurch a bhfuil gealladh fúthu agus an banna ceoil racanróil Seo Linn, iad ar fad ag casadh ceoil i Mainéar Mount Juliet. Rachaidh Aoife ar thuras síos le Feoir ansin go hInis Tíog chun casadh le hIarla Ó Lionáird.

  • S01E03 Fine Gall

    • August 28, 2022

    Déanfaidh Pauline Scanlon agus Aoife Ní Bhriain ceiliúradh ar cheol agus ar chultúr Fhine Gall in Institiúid Ceoil agus Amhrán na hÉireann i mBaile Brigín. Tá Aoife ar ais ina contae dúchais agus casann sí cúpla port lena hathair, an píobaire cáiliúil Mick O'Brien. Le linn oíche spleodrach cheoil beidh Leslie Dowdall ar stáitse, chomh maith leis na damhsóirí ón ngrúpa ProdiJIG, an rapálaí JyellowL agus beidh na hamhránaithe Sean Fitzgerald agus Daragh Lynch ag gabháil fhoinn. Rachaidh Aoife sa tóir ar sheanstair Fhine Gall ag casadh le cleamairí cáiliúla na háite.

  • S01E04 Tiobraid Árann

    • September 4, 2022

    Beidh Pauline agus Aoife i dTiobraid Árann sa gclár seo, áit a gcasfaidh Pat Shortt port in éineacht le Mike Hanrahan sa Thatched Cottage gar don Aonach. Canfaidh Eilish Hassett agus Pauline an Galtee Mountain Boy agus rachaidh an Cheolfhoireann In Tune for Life i gcionn go mór ar an lucht éisteachta. Canfaidh Aoife le Gemma Hayes a inseoidh di faoi tionchar atá ag áilleacht na tuaithe i dTiobraid Árann ar a cuid ceoil. Déanfaidh Aoife dianchúrsa faoin oidhreacht atá i dTiobraid Árann a bhaineann le capaill agus saothrú úll agus imreoidh sí cluiche poc fada in aghaidh Brendan Cummins.

  • S01E05 Ros Comáin

    • September 11, 2022

    Is i Ros Comáin a bheifear sa gclár seo, cuireann Pauline réimse breá ceoltóirí agus amhránaithe cumasacha i láthair, beo ón Kings House i Mainistir na Búille. Beidh na laochra ceoil Matt Molloy agus John Carty ag seinm agus déarfaidh Pauline leagan tochtmhar den amhrán Gortnamona. Beidh grúpa ar leith de sheachtar fliúiteadóirí ag seinm freisin agus casfaidh Aoife cúpla port le grúpa fidléirí ón áit, grúpa a thugann na Roscommon Rascals orthu féin. Téann Aoife sa tóir ar Thurlough O'Carolan agus rachaidh sí ag cartadh trí stair Ráth Cruachan agus mianaigh guail na hAirgní.

  • S01E06 An Iarmhí

    • September 18, 2022

    Is sa Village Barn i mBealach an Tirialaigh a bheidh an chraic agus ceol don chlár deireanach sa tsraith seo, le blaiseadh de cheol agus de chultúr na hIarmhí. Beidh laochra lár na tíre, Foster & Allen, ag gabháil fhoinn agus cloisfear amhráin ó Eva Coyle agus ceol breá ó Colin Nea chomh maith le neart eile a bheidh ar stáitse don oíche cheolmhar seo. Sroicheann Aoife Teach Belvedere tar éis di turas a thabhairt mórthimpeall lochanna na hIarmhí agus tugann cuairt ar Chnoc Uisnigh Spreagadh di snoíodóireacht le sábh slabhrach a thriail.