Sa chlár seo tugann Aedín Ní Thiarnaigh aghaidh ar chuislí na hÉireann; na haibhneacha. Is cois abhann a fhásann cuid de na bláthanna fiáine is aitheanta atá againn; Cam an Ime, Trom, Léine Mhuire agus Grán Arcáin. Déanann Aedín iniúchadh ar an seanchas agus ar na cuimhní cinn a bhaineann leis na bláthanna coitianta seo agus foghlaimaíonn sí faoi na húsáidí éagsúla gur féidir a bhaint astu.